Leabharlann bhréagán agus leabhar

Le dhá bhliain déag anuas, tá leabharlann bhréagán agus leabhar ag Altram ar fud an réigiúin. Is tríd phórdheontas ón Crannchur Náisiúnta a maoiníodh na háiseanna leabharlainne i dtús ama. Leis an deontas seo, bhí Altram in ann réimse áiseanna luathbhlianta a cheannacht. Is ón HSCB a thagann an maoiniú anois.

Déanann ár speisialtóirí luathbhlianta measúnú ar riachtanais na suíomhanna agus freagraíonn siad d’iarratais ar iasachtaí ón leabharlann bhréagán agus Leabhar. Tugann siad áiseanna curaclam-bhunaithe chuig na naíscoileanna. Tacaíonn siad sin leis an fhoghlaim i ngach suíomh agus, tríd roinnt na n-áiseanna, cinntítear go bhfuil fáil ag gach naíscoil ar áiseanna riachtanacha gan iachall a bheith orthu iad a cheannacht.

Léirigh measúnú agus aischothú i measc earnáil na luathbhlianta lán-Ghaeilge go n-aithnítear gur áis luachmhar an leabharlann bhréagán agus leabhar ag úsáideoirí. Táimid ag tabhairt faoi athbhreithniú ar an tseirbhís seo faoi láthair agus tá súil againn maoiniú a lorg le cur leis an tseirbhís atá muid a chur ar fáil do phaistí atá ag freastal ar naíscoileanna.

Má tá suim agat sa tseirbhís seo, déan teagmháil le:

Bridgeen McGlinchey: bridgeen@altram.org nó Aisling Walls: aisling@altram.org.

Toy and book library

Altram has provided a toy and book library across the region for the past 12 years. The initial funding for the library resources was provided by a seed grant from the Big Lottery. With this grant, Altram was able to purchase a range of early years resources. Now, the grant comes from HSCB.

Our early years specialists assess the needs of settings and respond to requests for loans from the toy and book library. Curriculum-based resources are delivered to naíscoileanna. They support the learning in each setting and, by sharing resources, ensure that all naíscoileanna have access to necessary support equipment without having to resort to buying it regularly.

Evaluation and feedback revealed that the toy and book library is viewed as a very valuable resource within the Irish-medium early years sector. We are currently reviewing this service and hope to secure further funding to enhance the service we deliver to children attending naíscoileanna.

If you are interested in this service, contact:

Bridgeen McGlinchey: bridgeen@altram.org or Aisling Walls: aisling@altram.org.